Skip to main content

An tSeachtain um Meabhairshláinte Mháthartha

Tarraingítear aird ar mheabhairshláinte mháthartha le linn mhí na Bealtaine achan bhliain. Moltar do mhná atá ag iompar clainne nó a bhfuil leanbh acu agus a bhfuil dúshláin mheabhairshláinte acu cuidiú a lorg agus labhairt le duine fúthu.

Phléigh Meon Eile an t-ábhar le triúr mamaithe cróga a raibh a gcuid streachailtí féin acu agus iad ag dul i ngleic leis an athrú saoil ollmhór a bhaineann le babaí a thabhairt ar an saol.

Chas muid le Danielle Nic Ailín agus a mac Dáithí, le Seanán Nic Bhloscaidh agus a a mac Cathán, agus le hAoife Nicholls, agus a páistí Séimí agus Síofra, le labhairt faoi na rudaí nach dtarraingítear go leor airde orthu faoi bheith i do mháthair nua agus tugann siad comhairle do dhaoine atá ar tí tús a chur le haistear s’acu féin.

Níos mó